Ba cheantar féinrialaitheach é Saor-Dhoire (Béarla: Free Derry) i nDoire Cholmcille, idir 1969 agus 1972. Chruthaigh daoine ó Thaobh an Phortaigh, an Creagán agus an Seantalamh baracáidí ar na sráideanna timpeall an cheantair. Níor thug siad cead don R.U.C nó Arm na Breataine dul isteach sa cheantar.[1]
Tugadh an t-ainm 'Saor-Dhoire' (nó Free Derry) ar an áit, nuair a scríobh duine "You Are Now Entering Free Derry" ar bhalla bhinn i dTaobh an Phortaigh. Phéinteáil an mana don chéad uair i mí Eanáir 1969 (cúinne, Bóthar Lecky agus Sráid Fahan).
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search